Ag deireadh na seascaidí, bhí meath ollmhór tagtha ar an Ghaeltacht de bharr eisimirce, dífhostaíochta agus bochtanais, le daoine óg ag imeacht ar mhaithe le saol níos fearr a bheith acu. Labhraíonn Ciarán Dunbar le Rónán Mac Con Iomaire faoina leabhar úr ‘An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta’, agus faoin ghluaiseacht chonspóideach agus radacach as iarthar na tíre a sheas an fhód in aghaidh an chórais.
Foclóir - Glúin : Generation -
Gríosaithe : Incited -
Comharthaí bóthair : Road signs -
Anonn is anall : Back and forth -
Dioscúrsa : Discourse -
Éileamh : Demand -
Imirce : Emigration -
Déan talamh slán de : Presume -
Stáisiún raidió bradach : Pirate radio station -
An Clochán : Clifden -
Cloch na Rón : Roundstone -
Imeallach : Peripheral -
In éag : expired -
Agóid : Protest -
Aighneas : Disagreement -
Claonadh : Bias -
Dul chun cinn : Advancement -
Dualgas : Obligation.