Os cionn céad bliana ó shín, bhí ceathrú faoin gcéad de dhaonra Bhaile Átha Cliath ina gcónaí sna tionóntáin. Cumadh an leasainm Dirty Dublin de bharr na ‘slums’ seo ina raibh galar, míchothú agus easpa sláinteachais go forleathan iontu. Ach, i measc na bochtaineachta fairsinge sna tionóntáin ar fud na cathrach, bhí taobh eile den scéal ann freisin - pobal dlúth a mhair faoi scáth a chéile. Labhair Tessa Fleming le Pat Garry, treoraí in uimhir 14 Sráid Henrietta faoin saol ar leith a bhí ag daoine sna tionóntáin seo.