Tá tús curtha le ré nua trádála, ré tharaifí Donald Trump. Tá luach stocmhargaidh an domhain tar éis titim go tobann is go domhain. Creideann Trump go gcuirfidh na taraifí borradh faoi gheilleagar na Stát, ach tá eacnamaithe ag tabhairt rabhadh go ndéanfar damáiste do chúrsaí eacnamaíochta timpeall na cruinne. Mar sin, cé acu a bhfuil an ceart acu? Labhair Ciarán Dunbar le Caoimhín Ó Tiománaigh, léachtóir eacnamaíochta agus príomheacnamaí leis an gcomhlacht Davy.
Foclóir:
Intíre: Domestic
Géarghá: Urgent
Comhlachtaí cógaisíochta: Pharmaceuticals
Easpórtáil: Export
Cinnteacht: Certainity
Géilleadh: Conceed
Rabhadh: Warning
Idirbheartaíocht: Negotiation
Luach: Value
Caiteachas: Spending
Geilleagar: Economy
Táirgí: Products
In ainneoin: Despite
Olltáirgeacht intíre: Gross domestic product
Brabús: Profit