Tá go leor ceantar Gaeltachta ann atá ag streachailt go mór le bánú na tuaithe.
Sin de réir gníomhaithe teanga atá sa tóir ar réiteach práinneach a rachaidh i ngleic leis an fhadhb.
Dar leo, is é bánú na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta, an ghéarchéim is mó a bhí ag an teanga riamh, ach ní ar thithíocht amháin atá an locht, dar leo,
I measc na ndúshlán, tá cúrsaí imirce, infrastruchtúr, seirbhísí, fostaíocht agus áiseanna, agus tá siad ar fad nasctha ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta de.
Ach cad é an tionchar atá le feiceáil ar an talamh sna ceantair seo atá faoi bhrú maidir le saol an chultúir agus leis an spórt?
Cad iad na baic is mó atá ag coinneáil cainteoirí Gaeilge atá ag lorg tí, lasmuigh den Ghaeltacht?
Agus cén dóigh go bhfuil na pobail seo ag troid i gcoinne chreimeadh na tuaithe?
Ar Seachtain, fiosraíonn Áine Ní Bhreisleáin an tionchar atá ag bánú na tuaithe ar an Ghaeltacht.
Foclóir:
Bánú: Depopulation
Ceal: A lack of
Gníomhaithe teanga: Language activists
Tithíocht inacmhainne: Affordable housing
Fostaíocht: Employment
Níos fusa: Easier
Faoin tuath: The country or rural area
Éileamh: Demand
Todhchaí: Future
Luach: Value
Forleathan: Widespread
Go sonrach: Particularly
Ar dualgas: On Duty
Borradh: A boost or growth
Creimeadh: Erosion
I mbaol: In danger
Scéim Scoláireachta: Scholarship Scheme
An taoide a chasadh: To turn the tide
Ag dul in éag: Becoming extinct
Is annamh: Rarely
Ionad Fiontraíochta: Enterprise centre
Ar an imeall: On the egde
Fite fuaite: Intertwined