Ar shamhlaigh tú riamh cad é mar a bheadh sé a bheith i do shuí ag bord os comhair an Talaban?
Nó idirbheartaíocht a dhéanamh le rialtas nua tar éis chogadh fíochmhar?
Cad é a dhéanfá dá mbeadh ort dul go ceantar buailte ag tubaiste mhillteanach, agus tosú arís leis an atógáil?
Sin iad roinnt de na dúshláin a bhíonn os comhair Angus Lambkin go rialta agus é ag obair leis na Náisiúin Aontaithe.
Is saineolaí tubaiste é Angus a bhíonn ag taistil ar fud an domhain chuig tíortha atá i mbaol is faoi bhagairt.
Ar Seachtain labhraíonn Ciarán Dunbar leis an bhFeirsteach Angus Lambkin, faoin ról ar leith atá aige mar shaineolaí tubaiste leis na Náisiúin Aontaithe.
Foclóir:
Oifig co-ordú: Cordination office
Daonchairdeas: Philanthropy
Stráitéis comhroinnte: Shared strategy
Comhoibriú: Work together
Ionadaíocht: Represent
Ní airíonn muid: We don’t feel
Caighdeán beatha: Quality of life
Na diúracáin: The missiles
Éiginnteacht: Uncertainty
Coimeádach: Conservative
Acmhainní: Resources
Cráifeach: Religious
Taidhleoireacht: Diplomacy
Antoisceach: Extremist
Crith talún: Earthquake
Coimhlint: Conflict
Ag obair go dlúth: Working closely
Leochaileach: Vulnerable
Ag dul in olcas: Getting worse
Scoil idirchreidmheach : Interdenominational school
Fostaithe: Employed
Cinneadh: Decision
Teip: Failure
Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism