Tar éis bás a athar, gheall Séamus Ó Tuama go gcríochnódh sé féin an leabhar a bhí tosaithe ag a dhaid, Diarmuid.
Leabhar ar stair Bhéal Feirste atá ann ó pheirspictíocht phoblachtánach, le scéal muintir Uí Thuama féin agus an t-eispéireas a bhí acu féin fite fuaite le stair chorraitheach na cathrach féin.
Leanann an leabhar turas na clainne, ó fhear óg Corcaíoch a bhog ó thuaidh i ndiaidh an Ghorta Mhóir, tríd na pogroms le linn na 1920ídí, agus na Trioblóidí a lean, go dtí Séamus agus a hathair Diarmuid agus an ról a bhí acu i réabhlóid na Gaeilge sa chathair.
Bhí an-aithne ag Gaeil Bhéal Feirste ar mhuintir Uí Thuama, go háirithe mar gheall ar obair Dhiarmuid mar phríomhoide Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad scoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.
Ar Seachtain, labhraíonn Séamus Ó Tuama faoina leabhar úr ‘Béal Feirste: Belfast’ agus faoin saol sa chathair a mhúnlaigh a mhuintir.
Cé gur scéal é atá lán de choimhlint agus de thráma thar na glúnta, feiceann Séamus toradh dearfach sa lá atá inniu ann i bhfoirm na hathbheochana cultúrtha agus teanga atá ag bláthú i mBéal Feirste.
Foclóir:
Dornán de pháistí: A handful of children
Obair dheonach: Voluntary work
Tiomsú airgid: Fundraising
Cinnteacht: Certainty
D’fhág sé a lorg: He left his mark
Leac uaighe: Gravestone
Borb: Abrupt
Fréamhaithe: Rooted
Do shinsir: Your ancestors
Cartlann mhíleata: Military archives
Críochdheighilt: Partition
A shin-seanathair: His great-grandfather
Ceannaire: Leader
Dearfach: Positive
Saorstát: Free state
Scoilt: Divide
Creatlach: Framework
Bearna: A gap
*Suirbhé le haghaidh deis dearbhán 500 euro One4All a bhuachaint: Téigh chuig mypodcastfeedback.com agus cur an cód ‘POD’ isteach.*