Tá Seachtain ag teacht beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026!
Ar feadh seachtaine tháinig na sluaite go Béal Feirste chun sult a bhaint as an cheol, na comórtais agus as an chathair féin.
Den chéad uair riamh, bhí Fleadh Cheoil na hÉireann á reáchtáil i bpríomhchathair an Tuaiscirt agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag céiliúradh 75 bliain ar an fhód.
Chuir Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta as an Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara gach duine faoi gheasa lena gcuid ceoil thraidisiúnta le linn na Fleidhe.
Bhí siad báite sa cheol ó bhí siad sa chliabhán agus anois tá siad ag tabhairt an cheoil sin ar fud an domhain.
Bhí Séamus agus Caoimhe i gcuideachta Áine Ní Bhreisleáin.