SeachtainSeachtain

Súil siar ar na ceannlínte nuachta: Cérbh iad na buaiteoirí agus na caillteoirí i 2025

View descriptionShare

Tá 2024 thart, faoi dheiridh - cad é mar a bhí sé mar bhliain? 


Ní raibh easpa ceannlínte ann a bhain siar asainn, anseo in Éireann agus níos faide i gcéin. 


Bhog Donald Trump ar ais isteach sa Teach Bán i Washington, bhí toghchán Uachtaránachta dár gcuid féin againn anseo in Éireann, ciontaíodh an laoch spóirt DJ Carey as calaois a dhéanamh, agus tháinig deireadh leis an ruaille buaille sa Chumann Camógaíochta agus ligeadh d’imreoirí brístí gairide a chaitheadh. 


Ach cad iad na scéalta nuachta a sheas amach dár bpainéal cainte? 


I bpodchraoladh a taifeadadh ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste, pléann Ciarán Dunbar, Áine Ní Bhreisleáin, Ursula Savage agus Caoimhe Ní Chathail, na buaiteoirí is na caillteoirí a roghnaigh siad féin sna catagóirí thíos: 


Teip nó Triumph na bliana 


An scéal nach bhfuair an aird cheart 


Social media moment na bliana 


Cheap Shot ar an Ghaeilge na bliana 


Unexpected Icon na bliana 


 


Foclóir:  


Taidhleoireacht: Diplomacy 


Aontaithe: United/agreed 


Dothuigthe: Incomprehensible  


Rogha: Choice 


Ciníoch: Racist 


Círéibeacha: Riots 


Mianta: Wishes 


Borradh: Surge 


Intleacht shaorga: Artificial intelligence  


Rathúil: Successful 


Neodrach: Neutral 


Maígh: Claim 


Oiliúint: Training 


Gairm: Career 


Amscaí: Awkward 

In 1 playlist(s)

  1. Seachtain

    146 clip(s)

Seachtain

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 
Social links
Recent clips
Browse 146 clip(s)