Tréigeadh go leor oileán Éireannach thar na blianta.
Oileán Ghabhla mar shampla, áit a bhfuil cáil air mar gheall ar an amhrán Báidín Fheilimí. Tá sé suite tuairim is míle amach ó chósta Dhún na nGall.
Agus tráth dá raibh, bhí na scórtha teaghlach ina gcónaí ann.
D'fhág siad an t-oileán sna 1960í áfach.
D'fhág na pobail a bhí ag saothrú a slí beatha ón talamh agus ón fharraige agus bhog siad anonn go dtí an mhórthír.
Anois, leathchéad bliain ina dhiaidh sin, tá beatha ag teacht ar ais chuig an oileán de réir mar atá daoine ag filleadh ar a chladach arís.
Ar Seachtain, labhair an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin bheocht agus faoin bhfuinneamh nua atá á chur ar ais i nGabhla.
Foclóir:
Bád farantóireachta: Ferry
Go buan: Permanently
Earraí: Goods
Ag dul i léig: Declining
Banaíodh an t-oileán: The island was deserted
Ar leac an dorais: On the doorstep
Deontas: Grant
Gineadóirí: Generators
Athchóirigh: Renovate
Bonneagar: Infrastructure
Leathanbhanda: Broadband
Ag obair go cianda: Working remotely
Uathúil: Unique
Sainiúil: Distinctive
Teas: Heat
Ar cíos: Rent
Iargúltacht: Remoteness