I mí an Mheithimh 2020, baineadh siar as daoine ar fud na tíre nuair a chualathas faoi bhás neamhchoitianta buachalla óig i dtuaisceart Bhéal Feirste.
Tháinig na póilíní ar chorp Noah Donohoe, a bhí sna luath-dhéaga, i ndraein stoirme i dtuaisceart na cathrach, i bhfad óna theach féin, sé lá tar éis dó imeacht ar iarraidh.
Tá go leor ceisteanna ann go fóill faoina bhás agus osclaíodh ionchoisne trí seachtaine ó shin chun iarracht a dhéanamh cuid de na ceisteanna sin a fhreagairt.
Ar Seachtain, labhair an t-iriseoir Liam Tunney faoi na bomaití is suntasaí san ionchoisne go dtí seo.