Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara as Kneecap, mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana Dé Céadaoin.
Ba é seo an dara uair dó a bheith sa chúirt i dtaca leis an chúiseamh atá á chur ina leith.
Bhailigh na céadta daoine taobh amuigh den teach cúirte ar maidin chun tacaíocht a léiriú dó.
Bhí comharthaí agus bratacha á n-iompar agus t-léinte á chaitheamh a léirigh idir tacaíocht don rapálaí agus do chúis na Palaistíne. Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar cad a thit amach, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de.
Foclóir:
Coir: Crime
Scaifte: Group
Cinsireacht: Censorship
Scuaine: Queue
Cúiseamh: Charge/accusation
Sceimhlitheoireacht: Terrorism
Eagraíocht thoirmiscthe: Proscribed organisation
Beag beann: Regardless of
Ateagaire: Interpreter
Teorainn ama: Time limit
Tacaíocht: Support
Drogall: Reluctance

‘Bhí na fóin phóca ag bualadh sa rubble thíos fúm’: Cuimhní ó 9/11
28:47

Comedy Gaeilge at Dublin Fringe: ‘Tá seónna grinn níos fearr i nGaeilge’
21:13

A tale of revival and controversy: Tús na gcoláistí samhraidh
24:54