Tráthnóna Dé Céadaoin, cúisíodh ball de Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, a sheinneann faoin ainm stáitse Mo Chara, as coir faoin Acht Sceimhlitheoireachta.
Baineann an cúiseamh le líomhain go raibh bratach Hezbollah á thaispeáint aige ag ceolchoirm i Londain anuraidh.
Tá Hezbollah agus tacaíocht dó mídhleathach sa Ríocht Aontaithe.
Tuigtear go mbeidh an tUasal Ó hAnnaidh ag séanadh an chúisimh.
Thug Kneecap “political policing” ar an gcúiseamh. Dar leo, ní hiad féin agus a bhfuil ar bun acu an scéal ach an “cinedhíothú” in Gaza.
Labhair Seachtain leis an iriseoir Gearóid Ó Muilleoir faoi na castachtaí agus na himpleachtaí a bhaineann leis an scéal seo.

‘Bhí na fóin phóca ag bualadh sa rubble thíos fúm’: Cuimhní ó 9/11
28:47

Comedy Gaeilge at Dublin Fringe: ‘Tá seónna grinn níos fearr i nGaeilge’
21:13

A tale of revival and controversy: Tús na gcoláistí samhraidh
24:54