Tá os cionn caoga bliana caite ag an úrscéalaí Éilis Ní Dhuibhne i mbun pinn.
Le breis agus 30 leabhar eisithe aici, idir Bhéarla agus Ghaeilge agus iliomad gradaim buaite aici, is í duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i litríocht na hÉireann.
I measc an réimse leathain leabhar atá scríofa aici, tá ‘The Dancers Dancing’, ‘Twelve Thousand Days’ agus ‘Fáinne Geal an Lae’.
Cé go bhfuil aitheantas go leor bainte amach aici as a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge, admhaíonn sí go raibh drogall uirthi tabhairt faoin dúshlán sa chéad dul síos.
Mar sin de, cad chuige a mothaíonn sí an gá anois chun tabhairt faoina leithéid?
Agus ina dhiaidh bhás a fear céile, an béaloideasaí clúiteach Bo Almqvist, cén dóigh ar aimsigh sí tearmann agus dóchas ón bhrón?
Ar Seachtain, labhraíonn Éilis Ní Dhuibhne, atá ina Laureate i gcomhair fhicsean Éireannach, faoina cuid gaiscí, a cuid ísealphointí agus an ceangal atá aici le teanga a hathar.
Foclóir:
Ionadaíocht: Representation
I mbéal an phobail: The talk of the parish
Aonarach: Solitary
Go smior: To the core
Bua: Attribute or gift
Siúinéir: Carpenter
Spreag siad: They encouraged
Fíodóireacht: Weaving
Béaloideas: Folklore
Finscéal: Fable/Legend
Peaca: Sin
Clúiteach: Renowned
A thréigean: To abandon
Cúthaileach: Shy
Úrscéal: Novel
Mórtas: Pride
Tagairtí: References
Slabhra: Chain