Tá an darna sraith de Grá ar an Trá ag toiseacht anocht tar éis é a chuir ar athló roimhe seo de bharr cúinsí ar leith.
Bhí an clár le craoladh i mí Dheireadh Fómhair anuraidh nuair a tháinig sé chun solais go raibh duine de na rannpháirtithe ciontaithe as ionsaí a dhéanamh ar bhean.
Rinneadh athochtar rannpháirtí ag dul san iomaíocht don duais €10,000 agus beidh bean an tí, Síomha Ní Ruairc, man an tí, James Kavanagh agus an Cigire Grá Gráinne Seoighe i lár an aonaigh.
Ar Seachtain, labhair Síomha Ní Ruairc faoin rógaireacht sa teach.