Roimh deireadh na bliana beidh an tír ag caitheamh vóta leis an deichiú Uachtarán na hÉireann a thoghadh. Cé nach ról polaitiúil atá ann, tá tionchar láidir ag an Uachtarán agus iad ag úsáid an ardán, le bunluachanna a n-Uachtaránacht a chur chun cinn. I gcás Mícheál D. Ó hUiginn, thug sé tacaíocht leanúnach do chur chun cinn na Gaeilge le linn a théarma oifige — agus i rith a shaoil ghairmiúil ar fad. Ach cé hiad na hUachtaráin eile a bhí againn a d’imir ról nach beag ar ár dteanga dhúchais, agus, an bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán?
Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Katie Whelan
Foclóir:
Dlúthnasc: Strong connection
Dearbhú: Declaration
Abhcóidí: Advocates
Uachtaránacht: Presidency
Fréamhacha: Roots
Dílis: Faithful
Achoimre: Summary
Ionadaíocht: Representation
Corrach: Fraught
Teacht sna sála: To come on the heel of
Ard-Rúnaí: General Secretary
Tiomanta: Driven
Cur chun cinn: Promote
Activities: Gníomhaíochtaí
Le linn: During
In general: I gcoitinne
An-cheanúil ar: Very fond of
Feiceálacht: Visibility
Figh: Weave

‘Bhí na fóin phóca ag bualadh sa rubble thíos fúm’: Cuimhní ó 9/11
28:47

Comedy Gaeilge at Dublin Fringe: ‘Tá seónna grinn níos fearr i nGaeilge’
21:13

A tale of revival and controversy: Tús na gcoláistí samhraidh
24:54