Is earnáil thar a bheith iomaíoch é earnáil na bhféilte agus is cinnte go bhfuil dúshláin mhóra roimh fhéilte atá níos lú. Tá rudaí ag éirí níos strusmhaire fós do lucht eagraithe Fhéile na Gealaí i Ráth Cairn na Mí óir le laghdú “60% ar mhaoiniú” agus ar urraíocht na féile.
Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail, ball de lucht eagraithe na féile faoin buille trom seo agus amharcann sí siar ar conas a d’fhás Féile na Gealaí as cliseadh an fhéile Ravelóid a bhí beartaithe do Bhaile Átha Cliath.