Ní gnáth rud é go mbeadh club CLG nuabhunaithe sa lá atá inniu ann ach ní gnáth club atá i gceist le East Belfast GAA – club chumann lúthchleas Gael in Oirthear Bhéal Feirste. Bunaithe sa bhliain 2020, tá an-rath ar an gclub – d'ainneoin dúshláin ar leith nach mbeadh ag gnáth club - bagairtí, buama bréige agus bolscaireacht. Ar phodchraoladh Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le Rúnaí an chlub Irial Ó Ceallaigh agus iriseoir leis an BelTel, Liam Tunney.
Láithreoir: Ciarán Dunbar
Léiritheoir: Róisín Ní Mhaoláin
Foclóir:
Suntasach - considerable
Oirthear Bhéal Feirste - East Belfast
Paróiste - parish
Uair dá raibh – back in the day
Saor in aisce - free
Béal dorais - béal dorais
Go stairiúil - historically
Dílseacht - loyalty
Teannas - tension
Daonra - population
Dianghlásáil - lockdown