Ba thuras fada a bhí i gceist sula raibh a fhios ag na Gardaí céard go díreach a tharla do Mary Callinan agus Sylvia Sheils ar an 7ú lá de mhí an Mhárta sa bhliain 1997.
Ní hamháin go raibh clann agus cairde leis an mbeirt croí bhriste tar éis an dúnmharú seo, a tháinig aniar aduaidh, i gceantar ciúin a mhothaigh muintir na háite, i nGráinseach Ghormáin, slán sábháilte ach bhí go leor ceisteanna le freagairt sula mbeadh a fhios céard go díreach a tharla don bheirt bhan aosta.
San eagrán seo, atá mar chuid de shraith choireachta ar phodchraoladh Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming le Róisín Ní Mhaoláin chun chuile casadh sa scéal a mhíniú go mion.
Foclóir:
Mionscrúdú - examination
Meabhairshláinte - mental health
Fíochmhar - ferocious
Fiosrúchán - inquest
Dúnmharú - homicide
Athbhreithniú - review
Leochaileach - vulnerable
Aird - attention
Tréithe - traits
Cúisithe - accused