Ba é Martin Cahill – a.k.a The General – ceann de na Crime Lords is clúití in Éirinn.
Rugadh é go beo bocht, mar chuid de chlann ollmhór, i lár na cathrach i mBÁC sna 1940í. Thosaigh Martin Cahill amach i mbun mionchion agus é óg agus lean sé ar aghaidh agus phleanáil sé ceann de na robálacha ba mhó le rá i stair na tíre. Tar éis na coireachta d’fhorbair Cahill stádas mistiúil i gcultúr na hÉireann, le roinnt daoine ag féachaint air mar laoch an phobail, Baile Átha Cliath bocht ó dhúchas.
Ó maraíodh é sa bhliain 1994, spreag saol agus coireanna Martin Cahill leabhair, scannáin, agus tuairimíocht gan stad – the criminal whose life became the stuff of legend and infamy. Is é scéal Martin bunús scéal an scannán ‘The General’, agus an scannán 2000 ‘Ordinary Decent Criminal’ le Kevin Spacey agus Colin Farrell.
Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Tessa Fleming leis an coirpeach is cluití in Éirinn a phlé.
Foclóir:
Áirid - eccentric
Coirpeach – criminal
Seodra – jewellery
Fianaise – evidence
Foréigneach - violent
Tairne – nail
Ba léir - it was apparent
Aire – care
Teagmhálaithe - contacts
Táithí - experience
Luachmhar – valuable
Anonn is anall – back and forth
Ifreann – hell
Suntas – attention
Oidhreacht – legacy
Scaoileadh - shot