Beidh daoine i gceantair ar fud fad na tíre amuigh ag ceiliúradh Lá an Dreoilín inniu. Is sean-traidisiún Ceilteach é Lá an Dreoilín a dhéantar ceiliúradh air go fóill, go háirithe i gCiarraí, in iarthar Luimnigh agus i mBaile Átha Cliath. Sa Daingean, áit ina maireann an traidisiún go láidir go fóill, beidh ceithre bhannaí ceoil ó na sráideanna éagsúla ag máirseáil tríd an bhaile mar chuid den fhéile. Labhraíonn an Dr Aoife Granville, ball den ghrúpa ar Shráid Eoin, le Tessa Fleming faoin tsean-nós seo agus na dúshláin atá le sárú sa lá atá inniu ann.
Foclóir:
Dreoilín: Wren -
Sníomhann sé: It ties in with -
Iorua: Norway -
Sleamhain: Sly -
Torthúlacht: Fertility -
Ó shin i leith: From then on -
Aitheantas: Recognition -
Ádh: Luck -
Tuí: Straw -
Carthanachtaí: Charities -
Teoranta: Restricted -
Bagairt: Threat -
Dream: Group -
A mhealladh: To entice -
Deasghnáth: Ritual -
Ár sinsir: Our ancestors -
Aireachas: Mindfulness.