Tríocha bliain ó shin, tharla rud nár tharla riamh roimhe.
Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Bill Clinton - an polaiteoir is cumhachtaí ar domhan - cuairt ar Thuaisceart na hÉireann don chéad uair riamh.
Ar lá stairiúil i 1995, le linn shos cogaidh an IRA nuair a leagadh síos na gunnaí agus na buamaí, sheas Clinton os comhair na mílte i nDoire agus labhair sé faoin tsíocháin.
Ach cad chuige go raibh daoine ina éadan?
Agus cén tionchar a bhí ag an chuairt ar an choimhlint?
Labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir polaitíochta John Downing.
Foclóir:
Toscaire: Envoy
Barántas: Guarantee
Seal: Stint
Báúil Sympathetic
Cáineadh: Criticism
A seacht ndícheall: Did their best
Do ladar a chur isteach: To interfere
Cnámh spairne: Bone of contention
Eisceachtúil: Exceptional
Tagairt: Reference
Ardú meanman: Raise one’s spirits
Buan: Permanent
Drogall: Hesitation
Sos cogaidh: Ceasefire