Tá deireadh ag teacht leis an samhradh agus tá daltaí fud fad na tíre ag filleadh ar an scoil.
Chaith thart ar tríocha míle acu seal sa Ghaeltacht ag na coláistí samhraidh le seachtainí beaga anuas, ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge.
Is nós bliantiúil é do go leor daoine óga, agus b’fhéidir nach smaoiníonn siad mórán faoi.
Ach cé chomh fada is a dtéann traidisiún na gcoláistí samhraidh siar?
Cén fáth ar cuireadh tús leo sa chéad dul síos?
Agus cén fáth gur tharraing siad an oiread sin trioblóide orthu féin le linn bhlianta órga athbheochan na Gaeilge?
Ar Seachtain labhraíonn an Dr Máire McCafferty faoi tús na gcoláistí samhraidh.
Foclóir:
Ceardchumann: Trade Union
Oilte: Skilled
Daideo: Grandfather
Tóir: Demand
Ballraíocht: Membership
Uirbeach: Urban
Laidin: Latin
Athbheochan:Revival
Uasaicme, íosaicme: Upper class, lower class
Siamsa: Entertainment
Tréimhse an-chorrach: Turbulent time
Ag tabhairt fogha faoi: To attack
I gCeann Chlochair: In Clogherhead
Ag déanamh athris ar: Imitating
Éigeantach: Mandatory
Laochra: Heroes
Dódh Coláiste Uladh: Coláiste Uladh was burnt
Go sonrach: Particularly
Críochdheighilt: Partition
Maoiniú: Funding
Dlús a chur faoi: To accelerate or speed up