Amuigh faoin tuath in oirthear Chontae Dhoire, díreach faoi scáth shliabh Charn Tóchair, tá pobal beag de chúpla cead theach le fáil ann.
Go dtí tús an 20ú haois, bhí Gaeilge láidir go fóill sa cheantar, ach tháinig athrú ar sin nuair a thosaigh an cheantar á bhánú de bharr easpa fostaíochta, easpa tithe agus easpa deiseanna.
Thart fá tríocha bliana ó shin, tháinig an pobal le chéile le dul i ngleic leis an mbánú seo, thosaigh siad coiste le hathghiniúint a dhéanamh ar an gceantar agus leag siad béim láidir ar an nGaeilge.
Ó shin i leith, tá rath iontach ar an dúiche agus bhronnadh aitheantas oifigiúil ar an cheantar mar Líonra Gaeilge in 2015, an chéad uair a bhain ceantar tuaithe a leithéid d’aitheantas.
Ní hamháin sin ach tá clú millteanach ar an gclub CLG áitiúil, Sléacht Neill, mar gheall ar na gaiscí atá bainte amach acu ar an bpáirc imeartha le blianta beaga anuas.
Éachtaí dochreidte do cheantar beag iargúlta nach bhfuil fiú sráidbhaile le fáil ann.
Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Aoife Ní Chasaide
Foclóir:
Eispéireas: Experience
Fís: Vision
Muintir na háite: The local people
Coiste: Committee
De réir mo thuigbhéala: From my understanding
Bothán: cabin
Neartú: Strengthen
Éacht: Achievement
Cothú: Cultivate
Tírdhreach: Landscape
Uile-Éireann: All-Ireland
Dúshlánach: Challenging
Comhairle: Advice
Comhphobal: Community
Ag streachailt: Struggling
Díospóireacht: Debate
I lár an aonaigh: Centre stage
Thar fóir: Over the top
Aird: Attention

Dúnmharú Michaela McAreavey: 15 mbliana ar aghaidh agus ceartas in easnamh go fóill
25:46

2026: ‘Ní féidir a bheith cinnte de rud ar bith tar éis thús spleodrach leis an mbliain’
31:03

Éilis Ní Dhuibhne: Gaeilge, Grief agus saol caite i mbun pinn
23:30