

Cartlann Bhóthar na Léinsí - 13 September 2026
Glórtha ó chartlann Bhóthar na Léinsí idir chaint, cheol, spóirt, filíocht, léachtaí agus go leor eile.

Clár 302; Madraí
Canna thaobh gur Béarla atá ag madraí Chorca Dhuibhne? Seo clár a dhein Breandán Feirtéar sa bhliain 1978 le Seán Faeilí Ó Catháin, Micilín Breathnach agus Breandán Ó Laoithe

Clár 301: Coláiste Íosagáin
Liam Ó hÉigeartaigh ag trácht ar stair Choláiste Íosagáin i mBaile Mhúirne, sa bhliain 2007. Tomás Mac Aodha, mairnéalach agus múinteoir, ó Dhún na Mainistreach, agallamh ón mbliain 2000.

Clár 296; Vitimíní agus Codladh
An tOllamh Seán Ó Cinnéide ag trácht ar vitimíní. Seosamh Ó Dálaigh ag trácht ar chodladh sa bhliain 1986. 'Táimse im Chodladh' á rá ag Maidhc Ó Gairbhia

Clár 295: Go Meiriceá Siar
Clár a dhein Breandán Feirtéar sa bhliain 1995 agus é i Meiriceá; Dave Ruiseál, Theresa Cheabhain Bean Uí Shé, agus Seán an Diamond Ó Sé. Agallamh a dhein Helen Ní Shé le Tom Ó Laoithe sa bhliain 2014.

Clár 294: Cuairt ar Chléire
Diarmuid Ó Drisceoil ag caint ar a óige i gCléire, in agallamh le Micheál de Mórdha sa bhlian 1976. Máire Breathnach ag caint le Micheál de Mórdha sa bhliain 1980.

Clár 293; Pádraig Ó Muircheartaigh
Dá mairfeadh sé, bheadh Pádraig Ó Muircheartaigh ó Dhún Síon 100 bliain d'aois ar an 18u Meitheamh. Agallamh a dhein Micheál Ó Sé le Pádraig agus Micheál Ó Muircheartaigh sa bhliain 1990. Agallamh a dhein Pádraig Ó Muircheartaigh le Micheál de Mórdha, ach a n-ainmníodh é mar Ciarraíoch na Bliana…

Clá 292; Ag teacht is ag imeacht ar saoire!
Cáit Gromail Uí Chíobháin agus Han Gromail Uí Shúilleabháin ag caint le Micheál Ó Sé sa bhliain 1994, ach a dtáinigh Han abhaile ar saoire. Johnny Ó Grífín ag cur síos ar Thuras Lae na Seanóirí go Cill Áirne sa bhliain 1992

Clár 291; Gleann Rua agus Na Gardaí
Agallamh a dhein Mick Lally i 1983. Thuas i nGort an Chornáin ag Dolores Keane. Eibhlín Uí Bhrosnacháin, Máirín Uí Mhuircheartaigh, Eibhlín Ní Mhurchú & Máiréad Tuohy Duffy ag caint in Eanair 2001. Noel Ó Cíobháin ag trácht ar a shaol oibre sna Gardaí ,1997.

Clár 290; Ómós do Mhicheál Ó Dubhshláine
Tá fiche bliain ann ó cailleadh Micheál Ó Dubhshláíne, ar an 27u Bealtaine 2006. Mar a labhair Domhnall Mac Síthigh ag íche ómóis do Mhicheál, i Meitheamh na bliana 2008. Micheál Ó Dubhshláine ag trácht ar an mBridewell sa Daingean, Nollaig na bliana 1995.