Tá sé ar intinn ag an Aire Cumarsáide Patrick Donovan brú ar aghaidh le leasú ar an Acht Craolacháin a cheadódh daoine gan Gaeilge a bheith ar Chomhairle Lucht Féachana TG4. Bhíomar á phlé le Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála do Shinn Féin agus Ball de Choiste an Oireachtais um Ealaíona, na Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus Spórt.


