Tá Iosrael tar éis ionradh a dhéanamh ar an Liobáin agus iad ag iarraidh Hezbollah a scriosadh agus tá Hezbollah ag troid ina coinne. I lár na coimhlinte seo, tá scata beag saighdiúirí na hÉireann, cén fáth a bhfuil siad ansin? Tuairiscítear go bhfuil ‘gníomhaire Rúiseach’ ag feidhmiú san Oireachtas – ar cheart go mbeadh imní orainn? Agus tá Sinn Féin ag streachailt agus iad ag iarraidh a mhíniú conas a phléigh siad leis an Michael McMonagle – iar-phreasoifigeach de chuid an pháirtí a bhí á fhiosrú i dtaca le ciontaí gnéis in aghaidh páistí.
Láithreoir: Ciarán Dunbar. Painéal cainte: Frank Reidy, Ursula Ní Shabhaois agus Gearóid Ó Muilleoir.
Foclóir:
Feidhmiú - Operating
An Fód a sheasamh - To hold fast
Tuairisceoireacht - Reporting
Sceimhlitheoirí - Terrorists
A chloí - To wear down
Dlúthchuid - A key part
Fáisc - closeby
Neodrach – Neutral
Spiaire – Spy
Daonlathas - Democracy
Thar fóir - Exaggerated
Dílseach - Loyalist
In amhras – In doubt
A mhealladh – To entice
Coireanna - Crimes
Daingean - Absolute