Tá an sciar is déanaí de na comhaid a bhaineann le Jeffrey Epstein ag cothú ceannlínte nuachta ar fud an domhain i gcónaí, coicís ó foilsíodh iad.
Tá breis agus trí mhilliún comhaid scaoilte sa chuid is déanaí, físeáin, grianghraifeanna, ríomhphoist, téacsanna, agus tuairiscí nuachta fiú.
Tá na mílte ainmneacha luaite sna cáipéisí - cé go bhfuil sé tábhachtach le cur ina luí ar dhaoine nach ionann a bheith luaite sna comhaid is a rá go raibh aon olc nó éagóir déanta ag na daoine sin.
I measc na gcáipéisí atá curtha ar fáil don phobal, tá tagairtí go leor ann d’Éirinn.
Ar Seachtain, glacann an t-iriseoir Ciarán Dunbar muid tríd na snáithíní a cheanglaíonn Jeffery Epstein leis an tír bheag seo.
Foclóir:

Róisín Seoighe: ‘Tá mé oscailte do chomhoibriú le Fontaine’s D.C!’
23:33

'An ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas sa Ghaeltacht'
16:18

Éire Aontaithe: Would it demote or promote our national language?
25:27