Tá sé deimhnithe ag an Tánaiste Simon Harris gurbh é féin an polaiteoir sinsearach i bhFine Gael a chuir glaoch ar an Aire Patrick O’Donovan sular buaileadh tinn é. Séanann ceannaire FG go raibh comhrá teasaí eatarthu agus gur iarr sé ar O’Donovan éirigh as oifig.



