Dé Céadaoin seo chugainn, tá lá stailceanna beartaithe ag múinteoirí agus ag altraí agus tá amhras faoi an suífidh an Dáil mar gheall ar an aighneas. Sa gcáinaisneis, d’fhógair an tAire Caiteachais Poiblí Jack Chambers ciste €1.2 billiún le n’íoc as aon socrú nua pá, ach ní leor é sin do na ceardchumainn.



