Tá Cúirt Uachtair na Breataine inniu ag éisteacht dúshlán dlí atá dá thabhairt ag Stát Tuaisceart Éireann, in aghaidh fiosrúcháin poiblí faoi dhúnmharú Sheán Brown, as Baile Eachaidh i gContae Dhoire. Liomhnaítear go raibh claonpháirtíocht ag oifigigh slándála de chuid na Breataine sa dúnmharú a rinne paraimíleataí dílseacha i 1997.



