Deir an tAire Cosanta Helen McEntee nach bhfuil ceist ar bith faoi aon reifreann a ghairm ar an nGlas Triarach. Tá muinín ag an bpobal ina gcuid ionadaithe tofa a deir an tAire McEntee agus sin é bunús an daonlathais. Ní theastaíonn reifreann, a deir sí.



