Tá Ceardchumann Dochtúirí na hÉireann ag cur tús le gníomhaíocht thionsclaíoch inniu mar nach bhfuil aon socrú déanta ag an rialtas faoi chomhaontú nua pá san earnáil phoiblí. Tá comhairleoirí, dochtúirí neamh-chomhairleacha ospidéal agus dochtúirí san earnáil sláinte poiblí ag obair de réir rialach inniu.



