Tá achainí déanta ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ag an nGarda Síochána go mbeadh tiománaithe cúramach ar na bóithre le linn deireadh seachtaine na Féil’ Pádraig. Go dtí seo i mbliana tá chúig dhuine dhéag is fiche maraithe ar na bóithre, faraor sin cúigear níos mó ná an tráth seo anuraidh.